Nótaí Dialainne 12ú Aibreán
12ú Aibreán An chéad bhua don gcumann iomána sa bhliain 2015. Bhí an turas cois fharraigh rathúil le cluiche fíor-spóirtiúl agus comórtasasch le sár-thaispeántaisí ó na himreoirí. Cuireadh bunús maith sa chéad leath agus ghlac Laochra Óg smacht ar an gcluiche le roinnt scóranna gleoite. Tháinig Bun an tSabhairne sa tóir sa dara leath agus cuireadh ár n-imreoirí faoina lán brú ach ní bhainfí an bua dinn. An scór deiridh Laochra Óg 2-7 Bun an tSabhairne 2-2. Míle buíochas do gach duine a thaisteal agus ár mbuíochas d’ár n-urraithe Astra Systems.
D’imir ár bhfoireann fé 14 Domhnach Mór as baile tráthnóna Dé Chéadaoin. Ba chomórtas iontach é ón tús. Bhíomar mall ag an tús ach d’fhás an féin-mhuinín agus an chéad leath ag dul ar aghaidh. Bhíomar chun tosaigh le pointe ag leath-ama agus tá seans go mbeadh níos mó againn. Tháinig Domhnach Mór chun cinn sa dara leath. Sheas ár mbuachaillí an fód bhí an fiche nóiméad deireannach crua agus lán le teannais. Bhí seansanna again ach níor chuireamar ár mbó thar abhainn. B’é seo a leag sinn agus chríochnaigh an cluiche leis an scór Domhnach Mór 6-6 (24) Laochra Óg 4-10 (22). Ba mhaith liom na laochra óga seo a mholadh as gan géilleadh agus as an fód a sheasamh gan céim ar chúl a thógaint.
Cluichí le teacht
Aibreán 20ú An Grianach v Laochra Óg sa Ghrianach 7.30i.n.
Aibreán 23ú Gaeil na Laoi v Laochra Óg i bpáirc an Druipseach 7.00i.n
Aibreán 25ú Laochra Óg v Cionn tSáile i bPáirc an Bhaile Maigh Chromtha (An t-am le cinntiú)