Nótaí Dialainne – 15/6/2015

D’imir an fhoireann fé 14 in aghaidh Kilta Óg i mBaile na Martra Dé Luain 8ú Meitheamh. Thosnaigh Laochra Óg maith a dhóthain sa chéad leath ach de réir mar a chuaigh an cluiche ar aghaidh tháinig Kilta Óg suas leo agus d’aimsíodar i ndóthain scóranna chun iad a chur chun cinn.
Cluiche beo bríomhar a bhí ann ach theip ar Laochra Óg an fhoireann ba láidre a shárú. Dob’iad Kilta Óg na buaiteoirí agus dob’é an scór deiridh- Kilta Óg 2-19 Laochra Óg 2-10
Do bhí Sraith Iomána Shóisear ‘B’ Mhúscraí ar siúl i gCloch Dhubh Dé Máirt 9ú Laochra Óg v Cloch Dhubh Do bhí tús níos fearr ag Cloch Dhubh agus ag leath ama b’é an scór Cloch Dhubh 1-9 go dtí Laochra Óg 0-8. Ag tús an dara leath d’aimsigh Laochra Óg dhá chúl a chuir thar n-ais sa chluiche iad. Do bhí an dá fhoireann ar chomhscór agus an cluiche ag dul ar aghaidh agus ag deireadh an chluiche do theip ar Laochra Óg le dhá phointe.
Craobh Iomána an Chontae Shóisear ‘B’ Crosair an Fhaotaigh in aghaidh Laochra Óg. Do bhí an cluiche ar siúl sa Bhlarnan toisc athrú déanach ó Bhaile Uí Áinle Dé Sathairn 13ú. D’aimsigh Crosaire an Fhaotaigh trí chúil go luath sa chluiche agus d’fhag sé sin Laochra Óg le ualach nach bhféadfaidís talamh slán a dhéanamh de sa chluiche. Scór Deiridh: Crosair an Fhaotaigh 4-12 Laochra Óg 0-8.
Cluichí le teacht Dé Sathairn 20ú Meitheamh Tá an fhoireann fé 12 ag imirt na Seamróige ag 2 i.n.