Fógraí ‘s Scéalta 26ú Bealtaine 2014

Laochra-Og-Crest

Cumann Iomána Laochra Óg

Fógraí ‘s Scéalta 26ú Bealtaine 2014

 

Déardaoin 15ú Bealtaine 2014 Ghlac fóirne iomána Laochra Óg fé 6, fé 7, fé 8 agus fé 10 páirt in imeacht ceithre chluiche a bhí ar siúl sa ‘Phortach Rua’ i mBaile Bhúirne. D’imríodar i gcoinnibh An Neidín agus bhí seasca cúig imreoir ón dá chumann ag imirt ar an lá. B’iad Folláin Teo., Baile Mhic Íre agus ‘Niall Murphy Tarmac’ a dhein urraíocht ar na geansaithe. Míle buíochas le Cumann Peile Naomh Abán as ucht na n-áiseanna a bheith ar fáil.

 

Dé Chéadaoin 21ú Bealtaine 2014 D’imir foireann fé 10 Laochra Óg Cloch Dhubh i gCloch Dhubh. D’imir Laochra Óg go maith in aghaidh foireann mhaith ó Chloch Dhubh. Bhí roinnt chosaint mhaith ann agus tháinig cúil ó Shéamas De Búrca, Éamonn Ó Meachair agus Seán Ó Murchú. B’iad Folláin Teo., Baile Mhic Íre na h-urraithe do na geansaithe.

 

Turas go Tiobraid Árainn

Dé Domhnaigh 25ú Bealtaine 2014 Ghlac cumann iomána Laochra Óg páirt i gceithre chluiche deichniúr an taobh i gcoinnibh Cumann Lúthchleas Gael Faiche Ró (Rosegreen), i gCondae Thiobraid Árainn. D’imir gach duine go maith ar an lá. Míle buíochas le Cumann Lúthchleas Gael Faiche Ró, as ucht na sólaistí a chur ar fáil do gach duine. Ina dhiaidh chuaigh imreoirí agus traenálaithe Laochra Óg ar aghaidh chun Corcaigh a fheiscint ag imirt i gcoinnibh Port Láirge i Stáid Semple. I rith a gcuid taistil thángadar trasna ar chúpla aghaidh an-aitheanta, Jamsie O’Connor agus bainisteoir iomána Ger Loughnane. Ba lá fada spleodrach é agus ní dhearmhadfar é ar feadh i bhfad. Míle buíochas do gach éinne a ghlac páirt.

                                                            Cluichí le Teacht

Dé Sathairn 31ú Bealtaine 2014

Blitz iomána fé 10 i mBaile Uí Áinle ag a 10 a chlog.

Blitz fé 15 in aghaidh Achaidh Bullóg ag a 2 a chlog. Comórtas don Mhumhan go léir atá i gceist agus beidh a gcéad chluiche in aghaidh Leac Snámha.

 

Dé Sathairn 7ú Meitheamh 2014Blitz fé 8 i gCloch Dhubh ag a 10.30 r.n.

Dé Domhnaigh 8ú Meitheamh 2014 Cluich iomána fé 11 Laochr Óg in aghaidh Cionn tSáile i bPáirc an Bhaile, Maigh Chromtha ag a 5 a chlog.

—————————————————————————————————————-Mar is gnáthach bí ag faire amach le haghaidh fógraí áitiúla ar Feidhmchlár agus cluichí agus aon athraithe do thraenáil agus cluichí.