Fograí Mean Fhomhair

Laochra-Og-Crest

Feach ar na pictiúirí anseo

Dialann Laochra Óg

 

Bhí CAMP 4 CHAMPS ar siúl le déanaí sa pháirc traenála i dTír Bheag.  Ina iomlán bhí an aimsir go breá bhí an-am ag gach duine.  B’iad na traenálaithe a ghlac páirt thairis an trí lá ná:

Ailín Ó Ceadagáin (Corcaigh), Séadna Mac Craith agus a dheartháir Dara Mac Craith (Tiobraid Árainn), Conchubhair Ó Liatháin (Corcaigh),   Carthach Ó Catháin, Fionn Ó Catháin, Eoin Ó Ceallaigh, Cian Ó hÉalaithe, Trevor Ó hArgáin, Maidhcí Ó Cathaláin, Brian (Bud) Ó hArtnéid, Gearóid Ó Luasa, Dónal Mac Suibhne, Áine Ní Chonaill, Máire-Áine Ní hÉalaithe, Seán de Nais, Pádraigh ó hÉalaithe, Conchubhair Ó hÉalaithe, Aodh Ó Sé, Mícheál Ó hÉalaithe, Dónal Ó Cathasaigh, Eimhín Ó Cathasaigh, Siúin Ní Bhrian, Micheál de Búrca agus Liam Ó Slataire.

Míle buíochas le gach duine a chabhraigh in aon slí an campa a rith.

Gan sibhse bheadh sé tar éis bheith fíor-dheacair.  Míle buíochas d’urraithe an chumainn Mícheál agus Nóra Mac Carthaigh, Garáiste Radharc an Ghleanna.

Bhí tráth na gCeist Clainne chun airgead a bhailiú don chlub ar siúl sa ‘Bell Inn’ i gCluain Droichid Dé Domhnaigh 24ú Lúnasa.  Ní raibh an aimsir chomh grianmhar leis an seachtain roimhe sin achu d’imigh an lá ar aghaidh gan aon deacrachtaí.  Bhí tacaíocht an-mhaith don ócáid agus scata duaiseanna sa chrannchur a lean é.  An-chuid bia agus aghaidh péinteáil.  Buíochas le gach duine a chabhraigh leis an ócáid a eagrú agus leis na daoine a chabhraigh ar an lá.  Buíochas le Angela Mac Carthaigh Bell Inn a bhí mar óstach don ócáid.

——————————————————————————————-

Dé Luain 30ú Lúnasa   Bhuail na hiománaithe Sóisear B in aghaidh Baile Nóra i gCill Mhichíl ( bhí athrú ionaid ó Chloch Dhubh).  Ní raibh puinn idir an dá fhoireann tríd síos an cluiche agus bhuaigh Laochra Óg le pointe sa deireadh.

———————————————————————————————

Dé Sathairn 30ú Lúnasa  D’imir iománaithe fé 11 in aghaidh Bun tSabhairne i mBun tSabhairne.  Bhí imreoir nó dhó in easnamh ar Laochra ach d’éirigh leo iarracht láidir a chur isteach agus b’iad na buaiteoirí ag deireadh an chluiche.

Dé Sathairn 30ú Lúnasa  D’imir na hiománaithe Sóisear B in aghaidh Uibh Laoire in Uibh Laoire.  Bhí an dá thaobh ar chomhscór cúpla uair i rith an chluiche ach i dtreo an deiridh chloí Uibh Laoire Laochra Óg le cúig phointe.

————————————————————————————————-

Comhghairdeas le ball den chlub, Brian Ó Corcaráin,  a bhuaigh comórtas bobhláil nóibhíseach ‘D’  Bólchumann na Gaeltachta I mBaile Bhúirne le déanaí ar son Bólchumann Chluain Droichid.

Ghlac Brian páirt le foireann forbartha an chontae fé 17 a ghlac páirt i mblitz idir-chontae iománaíochta ag an deireadh seachtaine.  Tá súil againn go léir go n-éireoidh go geal leis sa todhchaí!