Fógraí Laochra Óg 13/5/14
Bhí cluiche sraithe iomána mionúir ‘B’ idir Laochra Óg agus Cumann Naomh Uinseann ar siúl Dé Luain an 28ú Aibreáin. Bhí an bua ag Naomh Uinseann ar an lá leis an scór deiridh N. Uinseann 1-16 go dtí Laochra Óg 1-12.
Bhí an cluiche sraithe iomána neamh-scrúdaithe idir Laochra Óg agus an Domhnach Mór ar siúl Déardaoin an 8ú Bealtaine i nDomhnach Mór. Bhí an ghaoth le Domhnach Mór sa chéad leath agus d’aimsigh cúl agus cúilín laistigh de chúpla nóiméad agus tar éis sin shocraigh an cluiche síos agus ní raibh puinn eatarthu ag leath-am. B’iad an Domhnach Mór an fhoireann ba láidre sa críoch agus an scór deiridh ab ea Domhnach Mór 3-18 go dtí Laochra Óg 2-15.
Bhí cluiche sraithe iomána faoi 11 ar siúl idir Laochra Óg agus Trácht Fionn (Tracton) i dTracton Dé hAoine 9ú Bealtaine. Bhí aimsir fhliuch ann agus níor chabhraigh sé ar an lá le Tracton ag aimsiú a gcuid cúl ó phucanna fada isteach. Bhí sár-imirt ar fud na páirce. An scór deiridh ab ea Laochra Óg 2-3 go dtí Trácht Fionn (Tracton) 3-0.
Bhí cluiche sraithe iomána Sóisear B Muscraí idir Laochra Óg agus an Bhlarna ar siúl i mBlarna Dé Luain an 12ú Bealtaine. Bhí coisíocht sheasta tríd síos an cluiche ach ag deireadh an lae b’iad an Bhlarna a tháinig amach ar barr. B’é an scór deiridh Blarna 2-16 go dtí Laochra Óg 1-14.
Seo leanas an fhoireann: Dónal Ó Cathasaigh, Brian Ó Corcráin, Mícheál Ó Deasmhumhna, Caoimhín Ó hÉalaithe, Mícheál Ó Liatháin, Conchubhair Ó Murchú, Breandán Ó Ceallacháin, Conchubhair Ó Laoire, Seán Ó Corcráin, Darrach Ó hÉalaithe, Gearóid Ó Luasa, Tomás Ó Luasa, Stiofán Ó Murchú, Ádhamh Ó Conaill, Diarmuid Ó Rinn.