Dialann Nótaí Laochra Óg 29ú Meitheamh 2015

Dialann nótaí Laochra Óg 29ú Meitheamh 2015

 

Dé Domhnaigh 28ú Meitheamh

D’imir an fhoireann fé 11 in aghaidh An Teampall Geal i bPáirc Bhaile Mhaigh Chromtha. Ag imirt i gcoinnibh na gaoithe sa chéad leath d’oibrigh Laochra Óg go cruaidh ag bogadh na liathróide ar aghaidh go dtí na tosaithe go maith a thug am dian do chúlaithe An Teampaill Geal. B’é cúl Éamonn Ó Meachair ceann de na buaicphointí. Sa dara leath ag imirt le cóir na gaoithe d’oscail rudaí suas agus tháinig na scóranna dá réir. Le roinnt sár-iarrachtaí ó Ben Ó Liatháin thuill sé trí chúl dó féin agus le bheith macánta bhí an mí-ádh ar chúl báire an Teampaill Geal gan roinnt acu a choimead amach. Maith sibh Teampall Geal do chluiche breá spóirtiúl agus buíochas lenár n-urraithe Astra Systems ( Córais Astra). An scór deiridh ab ea An Teampall Geal 1-2 go dtí Laochra Óg 7-0.

 

Dé Domhnaigh 28ú Meitheamh

 

D’imir an fhoirann fé 16 in aghaidh Domhnach Mór i nDomhnach Mór sa sraith iomána. Thosnaigh Laochra Óg go maith le roinnt pointí ana dheas. Níor ghéill an Domhnach Mór ach buíochas le roinnt sábháil iontach ó chúl báire Laochra Óg agus cosaint iontach ós na himreoirí eile bhí Laochra Óg chun tosaigh le ceithre phointe ag leath-ama. Ag tús an dara leath níor thosnaigh Laochra Óg chomh maith ag scaoileadh isteach roinnt phocanna saor a bhí bog. De réir a chéile ghríosaigh na himreoirí iad féin agus fuaireadar na scóranna a choimead chun cinn iad. Níor ghéill na himreoirí sa choimhlint ghéar agus thugadar a ndúthracht le sár scil. Chruthaigh an poc éirice, a scóráladh go seoighe, a bheith rí-thábhachtach chomh maith leis an dá phoc saor a sabháladh ar an líne sna nóiméid dheireanacha. B’é an scór deiridh An Domhnach Mór 1-10 go dtí Laochra Óg 2-10. Míle buíochas leis an Domhnach Mór do chluiche fíor-spóirtiúl agus dár n-urraithe Siopa Poitigéara Ó Déiseach (Deasy’s Pharmacy).

 

Cluichí le Teacht

 

Dé Chéadaoin 1ú Iúil

Iomáint fé 12 Laochra Óg in aghaidh Fánaithe na Claise i bPáirc Bhaile Mhaigh Chromtha ag a 7.00i.n.

 

Dé hAoine 3ú Iúil

Cluiche Craoibhe Iománaíochta Fé 16 C Laochra Óg in aghaidh Cionn tSáile i bPáirc Thomáis Uí Chríodáin ag 7.30i.n.