Dialann Nótaí Laochra Óg 22/6/15

Dialann Nótaí Laochra Óg 22/6/15

 

Dé Sathairn 20ú Meitheamh

D’imir an fhoireann fé 12 in aghaidh na Seamróga sa tSeanbhaile. An-imirt go ginearálta ag Laochra Óg sa tSeanbhaile, thugadar an cluiche chuig na Seamróga ón tús agus bhíodar go maith chun tosaigh ag leath-ama. Dhá chúl an duine ag Conchúir Ó Luasa agus Lúcás Ó Dúgáin sa chéad leath sin. Leis an ngaoth leo d’imir na h-imreoirí roinnt iomána gleoite agus níor lagaíodar tríd síos an dara leath. Bhí roinnt cosaint ionsparáideach ag an gcúlbáire Eoin Ó hÉalaithe agus Lorcán Ó Flanagáin a choimead amach na Seamróga. Moladh mór do na laids go léir, an-taispeántas fóirne. Buíochas le gach duine a dhein an turas agus a thug tacaíocht do na h-imreoirí agus buíochas le na h-urraithe Astra Systems (Córais Astra). Míle buíochas leis na Seamróga do chluice maith spóirtiúil.