Bhí a chéad Cruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Iomána Laochra Óg agus toghadh na h-oifigí seo leanas don bhliain le teacht:
Cathaoirleach: Liam Ó Slataire, Rúnai : Judy Ó Buachalla, Cisteoir: Tadhg Ó Mathúna, Oifigeach Caidreamh Poiblí: Siobhán Ó Sé.
Bhí slua mór i láthair ar óiche ár gcéad cruinniú cinn bhliana. Bliain mhaith laistiar dinn agus ag súil go mór le 2015. Míle buíochas do gach éinne a thug a dtacaíocht i gcaitheamh na bliana go léir.
Ba mhaith linn go raghadh na h-imreoirí fásta ar mhaith leo iománaíocht a imirt linn ó Bhaile Bhúirne, Maigh Chromtha, Cluain Droichead agus Cill na Martra, i dteangbháil linn ag an uimhir 087 – 0535589. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.laochraog.com.