5ú Aibreán 2016 Nótaí Dialainne Laochra Óg

Dé Domhnaigh 3ú Aibreán 2016

Chuir Laochra Óg tús lena bhfeachtas mionúir don tséasúir seo in aghaidh Crosaire an Fhaoitigh. Bhí foireann óg acu agus gan ach a gcaptaen Tadhg Ó Tuama ar an aois. Gan puinn traeanáil déanta ní bheadh an cluiche seo furasta. Thosnaíodar go bríomhar agus scóráladar an chéad dá phointe. Bhí na laids ag cur isteach an-iarracht ar fud páirc na himeartha. Ag leath-ama bhí an scór 1-4 go dtí 0-5. Bhí an dara leath cruaidh le roinnt tacláil fíor-chruaidh ar fud na páirce agus taispeánadh roinnt cartaí buí. Bhí an fhoireann bhaile croite againn. Chríochnaigh ár laids go láidir cé go raibh an pháirc bhog ag sú an fhuinnimh astu. Chríochnaigh sé Laochra Óg 1-11 go dtí Crosaire an Fhaoitigh 3-8. B’é an toradh an t-aon rud truamhéileach fén gcluiche. B’iarracht iontach fóirne é seo agus tá ard-mholadh tuillte ag an gceathrar déag acu. Is féidir leis an gclub bheith fíor-mhorálach astu. Míle buíochas lenár n-urraithe Siopa Poitigéara Uí Dhéisigh agus buíochas leis na himreoirí, na tuismitheoirí agus na traenálaithe as ucht an turas a dhéanamh. Míle buíochas le Crosaire an Fhaoitigh as ucht an chluiche a chur ar siúl. Maith sibh, gach duine a bhí páirteach.

 

Dé Luain 4ú Aibreán 2016

Bhí an sraith fé 16 ‘C’ fé lán seol i gCumann an tSeanbhaile. Bhí slua brea ann ar an lá. D’imir an dá fhoireann cluiche brea spóirtiúil. Bhí Laochra Óg chun tosaigh le ceithre phointe ag leath-ama agus sa deireadh bhuadar le pointe amháin. An scór deiridh ab ea Laochra Óg 4-11 go dtí Na Seamróga 5-7. Míle buíochas do na Seamróga don gcluiche a chur ar siúl. Míle buíochas le urraithe na fóirne Siopa Poitigéara Uí Dhéisigh agus buíochas leis na himreoirí, na tuismitheoirí agus na traenálaithe a dhein an turas.

CLUICHÍ LE TEACHT :

Déardaoin 7ú Aibreán

Fé 18 ‘C’ Laochra Óg in aghaidh Gaeil na Lao i gColáiste Ghobatan, Baile Mhic Íre ag a 7.00i.n.

Fé 14 ‘C’ Crosaire an Fhaoitigh in aghaidh Laochra Óg i gCrosaire an Fhaoitigh ag a 7.00i.n.

 

Dé Luain 11ú Aibreán

Fé 16 ‘C’ Laochra Óg v Bun tSabhairne ag a 7.00i.n. Ionad le hainmniú.

 

Déardaoin 14ú Aibreán

Fé 14 ‘C’ Laochra Óg in aghaidh Gaeil na Laoi ag a 7.00i.n. Ionad le hainmniú.