Dé bhur mbeatha,
D’imir Laochra Óg i gcoinnibh Randal Óg i gcluiche Craobh Sóisear B an Chontae i mBaile Níos Dé Domhnaigh an 29ú Meitheamh. D’imir an dá fhoireann go maith agus b’iad Randal Óg na buaiteoirí ar an lá. Dob’é an scór deiridh Laochra Óg 1–9 go dtí Randal Óg 1-12. Buíochas do gach éinne a thug tacaíocht don bhfoireann ar an lá agus as ucht an turas a dhéanamh. Buíochas leis d’urraitheoir na fóirne Cormac Ó Déisigh.
Bhí blitz iomána fé 10 i gCloch Dhubh Dé Sathairn an 28ú Meitheamh. D’imir Laochra Óg i gcoinnibh Cumann Iománaíochta na Seamróige, Cloch Dhubh agus an Druipseach. Cosaint iontach, spiorad iontach agus scóranna iontacha. Buíochas le gach éinne a dhein an turas. Buíochas le urraitheoir na fóirne – Folláin Teo.
Bhronn Cormac Ó Déisigh geansaithe agus camáin ar Chumann Iománaíochta Laochra Óg le haghaidh fóirne Sóisear B, Fé 21 agus Mionúir i mBaile Bhúirne Dé Luain an 30ú Meitheamh.