27ú Aibreán 2014, Nótaí agus Fógraí Cumann Iomána Laochra Óg

Laochra-Og-Crest

Foireann Shóisear B Laochra Óg

D’imir cumann nua iomána Laochra Óg a chéad chluice chraoibhe Dé Sathairn 26ú Aibreáin in aghaidh Bun an tSábhairne. Bhí siad ar chomhscór deich bpointe an taoibh ag deireadh an ghnáth-ama. Chuaigh an cluiche go dtí am breise.

B’iad na daoine seo leanas baill fóirne Laochra Óg:

Gearóid Ó Luasa (cúlbáire), Conchubhair Ó Laoire, Conchubhair Ó Murchú, Caoimhín Ó hÉalaithe, Ádhamh Ó Conaill, Siofán Ó Murchú ( 3 phointe), Cian Ó Ríordáin, Darrach Ó hÉalaithe (1 phointe), Seán Ó Corcoráin, Brian Ó Corcaráin (7 bpointe), Breandán Ó Ceallacháin, Mícheál Ó Liatháin (4 phoine), Fionnbarra Ó Tuama, Dónal Ó Cathasaigh (2 phointe), Tomás Ó Luasa.

Fir Ionaid: Séadna Ó Liatháin, Déaglán Ó Cadhla, Cillian Ó Loingsigh.

An Scór Deiridh ab ea: Laochra 0-17 go dtí Bun an tSábhairne 0-13.

Ár mbuíochas le Siopa Poitigéara Ó Déisigh as ucht urraíocht a dhéanamh do na fóirne Sóisear B, Faoi 21 agus Mionúir.

 

Campa Iomána Na Cásca Laochra Óg

Tionóladh Campa Iomána na Cásca Laochra Óg ón Mháirt an 22ú Aibreáin go dtí Déardaoin an 24ú Aibreáin ar thailte Coláiste Íosagáin, Baile Bhúirne. Ár mbuíochas le Cumann Peile Naomh Abán agus Údarás na Gaeltachta as ucht an úsáid den pháirc traenála agus na pinniúir liathróid láimhe. Ár mbuíochas le Donncha Ó Luasa as ucht ullmhúcháin na h-áiseanna seo a eagrú. Ár mbuíochas le Carthach Ó Catháin as ucht na traenálaithe a eagrú, a chabhraigh linn an campa a eagrú.

B’iad na traenálaithe a ghlac páirt ná Carthach Ó Catháin, Séamas De Bhál, Fionn Ó Catháin, Damien Ó Cathaláin, agus Lúcás Ó Midheach. B’iad a gcuntóirí, Gearóid Ó Luasa, Cillian Ó Loingsigh, Brian Ó Corcaráin, Eimhín Ó Cathasaigh, Conchubhair Ó hÉalaithe, Aodh Ó Sé agus Áine Ní Chonaill. Do sholáthair siopa bidhe Ó Luasa Baile Mhic Íre an beatha le urraíocht ó Cuisine de France agus Denny Meats. Seachas cith báistí nó dhó, bhí an aimsir go maith grianmhar don trí lá. Cúpla seachtain roimhe sin cuireadh comórtas ar siúl sna bunscoileanna i mBaile Bhúirne, Cill na Martra, Maigh Chromtha agus Cluain Droichid chun suaitheantas nua don gcumann a dhearadh agus b’í Elaina Ní Luasa an buaiteoir. B’iad na traenálaithe a bhronn na duaiseanna ar lá deiridh an champa. Bronnadh geansaí an chumainn, camán, sliotar agus teastas ballraíochta bliantúil an chumainn uirthi. Thug scata tuismitheoirí cúnamh ag an gcampa ina gcuid am soar agus bhíothas fíor-bhuíoch dá bharr. D’éirigh go hiontach leis an gcampa agus baineadh an-taitneamh as. Míle buíochas arís do gach duine a bhí páirteach.

 

Bí ag faire amach do na fógraí áitiúla ar Fheidhmchlár (Facebook) Laochra Óg le haghaidh cluichí sa todhchaí, aon athraithe do chluichí agus amanna traenála agus ar aile.