25ú Lúnasa 2014 Dialann Laochra Óg

Laochra-Og-Crest

25ú Lúnasa 2014 Dialann Laochra Óg

Dé Luain 18ú Lúnasa  D’imir foireann iománaíochta fé 21 Laochra Óg in aghaidh Baile Nóra i gCill Mhichíl.  Bhí Laochra Óg thíos le dhá chúilín ag leath-am.  Chríochnaigh Baile Nóra níos láidre sa chríoch.

Bhí ‘CAMP 4 CHAMPS’ ar siúl i rith na seachtaine sa pháirc traenála i dTír Bheag.  Bhí aimsir go breá ina iomlán agus bhí an-am ag gach éinne.

B’iad seo leanas na traenálaithe a ghlac páirt thairis an trí lá:

Ailín Ó Ceadagáin (Corcaigh), Séadna Mac Craith agus a dheartháir Dara Mac Craith (Tiobraid Árainn), Conchubhair Ó Liatháin (Corcaigh),   Carthach Ó Catháin, Fionn Ó Catháin, Eoin Ó Ceallaigh, Cian Ó hÉalaithe, Trevor Ó hArgáin, Maidhcí Ó Cathaláin, Brian (Bud) Ó hArtnéid, Gearóid Ó Luasa, Dónal Mac Suibhne, Áine Ní Conaill, Máire-Áine Ní hÉalaithe, Seán de Nais, Pádraigh ó hÉalaithe, Conchubhair Ó hÉalaithe, Aodh Ó Sé, Mícheál Ó hÉalaithe, Dónal Ó Cathasaigh, Eimhín Ó Cathasaigh agus Liam Ó Slataire.

Míle buíochas le gach duine a chabhraigh in aon slí an campa a rith.

Gan sibhse bheadh sé fíor-dheacair.  Míle buíochas d’urraithe an chumainn Mícheál agus Nóra Mac Carthaigh, Garáiste Radharc an Ghleanna.

CLUICHÍ NA SEACHTAINE SEO:

Foireann Sóisear B in aghaidh Baile Nóra i gCill Mhichíl (aistrithe ó Chloch Dhubh) Dé Luain 25ú ag 6.45 i.n.

 

Beidh an fhoireann iománaíochta fé 11 in aghaidh Bun tSabhairne ag an deireadh seachtaine.

Bí suas chun data le fógraí áitiúla agus Feidhmchlár le haghaidh tuilleadh sonraí.