25/5/2015 – Dialann Laochra Óg

Déardaoin 25ú Bealtaine Craobh an Chontae Sóisear B D’imir Laochra Óg in aghaidh Lios Maghair sa chéad bhabhta. D’imir na hiománaithe go maith tríd síos an cluiche agus b’é an scór deiridh Laochra Óg 1-14 Lios Maghair 1-11. Míle buíochas lenár n-urraithe Siopa Poitigéara Uí Dhéisigh (Deasy’s Pharmacy) Dé hAoine 22ú Bealtaine D’imir na hiománaithe fé 12 in aghaidh An Ghrianach as baile. Bhí an ghaoth láidir leo sa chéad leath agus bhí sé sa cheart acu bheith i bhfad níos mó chun tosaigh ag leath-ama ach ní raibh an t-ádh le Brian Ó hÉalaithe nuair a bhuail buile do-chloíte uaidh in aghaidh an trasnáin agus chuaigh roinnt seansanna eile ar strae orthu leis. Chun cur leis an mí-ádh scaoileadar isteach dhá chúl fíor-bhog nár fhág ach an bhearna is lú eatarthu ag leath-ama. Sa dara leath agus an ghaoth ina gcoinnibh chosain na cúlaithe arís ‘s arís eile agus le taispeántas laoch na himeartha ó Dharren Ó Loingsigh ghlan sé amach gach rud a tháinig a threo. Gan ach pointe amháin eatarthu agus an t-am ag sleamhnú uatha chruthaigh an Ghrianach ró-láidir agus d’aimsíodar cúl déanaach chun an bua a chinntiú. An scór deiridh ab ea An Ghrianach 4-4 Laochra Óg 2-4. Míle buíochas lenár n-urraithe Astra Systems. Cluichí le Teacht Déardaoin 28ú Bealtaine Imreoidh na fóirne fé 8/fé 10 in aghaidh Cill Mhichíl i bPáirc Bhaile Mhaigh Chromtha ag a 7.15 i.n. Tá páirceáil ar fail in O’Riada’s agus síos an póirse in aice le Siopa Uí Chéilleachair (Kelleher’s DIY) Nil ach lion beag spásanna anseo. Dé Sathairn 30ú Bealtaine Sraith Iomána fé 11 Laochra Óg in aghaidh Gaeil na Laoi. Níl an pháirc luaite fós. Bí ag faire amach ar ‘Straoisleabhair’ nó an suíomh idirlíne le haghaidh aon athraithe déanach.