18ú Aibreáin 2016 Nótaí Dialainne Laochra Óg

Déardaoin 14ú Aibreáin

Bhí cluiche sraithe Fé 18C ar siúl in aghaidh Cumann Naomh Uinseann i gClub Naomh Uinseann. Bhí a fhios again go mbeimís gann ar uimhreacha ach triúr déag díograiseach le h-imirt agus d’imríodar mar is triúr déag an taobh a d’imríomar. Luigh na laids isteach ón tús. Bhí na cúlaithe ar fheabhas sa chéad leath le sár-thaispeántaisí ó Thomás agus Caoimhín sna lán-chúl agus Seosamh, Colm agus Mícheál Óg sa line leath-chúl. D’oibrigh Tadhg agus Stiofán go díograiseach ag lár na páirce. Bhí Darragh, Dean agus Eoin mar leath-thosaithe agus Síomóin agus Brian san lán-tosaithe. Caithfidh mé rá go raibheas níos tógtha leis na feabhsaithe níos mó ná aon rud diúltach. Choimeadadar leis an obair go dtí an deireadh. B’iad na sár-phocanna saoir a choimead sinn sa chluiche. D’aimsigh Dean a chéad chúl tar éis sár-rith d’aimsigh sé an tarna ceann go luath ina dhiaidh. Bhíomar chun tosaigh le pointe le neomad le dul.   Chríochnaigh an cluiche ar chomhscór, Cumann Naomh Uinseann 1-9 go dtí Laochra Óg 2-6. Ní fhéadfainn mo dhóthain buíochas a ghabháil do na laids dona sár-iarrachtaí-is fíor Laochra Óg iad. Míle buíochas le h-urraithe na fóirne Siopa Poitigéara Uí Dhéisigh (Deasy’s Pharmacy) agus mile buíochas do gach duine a dhein an turas. Míle buíochas le Cumann Naomh Uinseann don chluiche spóirtiúil agus as ucht an chluiche a chur ar siúl.

 

Dé Sathairn 16ú Aibreáin

Faoi 12 Sraith Laochra Óg 3-5 Lios gCúl 3-3 Agus sinn ag tabhairt fé Dhúiche Iomána Oirthear Chorcaí ní shamhlófá an toradh seo ach is a mhalairt intinne a bhí ar an bhfoireann. Dearadh an toradh seo as dúthracht, sár-obair agus an-chuid sár-iománaíochta. Ní raibh puinn idir an dá fhoireann sa chéad leath agus ba bheag scór a tháinig as. Bhíomar chun tosaigh ag leath-ama 1-2 go dtí 1-1. Mhéadaigh luas an chluiche sa dara leath b’é captaen na fóirne Brian Ó hÉalaithe a thug an deá-shampla le taispeántas laoch na himeartha ag scóráil 3-1. Bhí laochra ar fud na páirce le cúl báire Eoin Ó hÉalaithe, a dhein cúpla sábháil rí-thábhachtach. Dhein na cosantóirí Darragh Mhic Giobúin, Charlie De Búrca, Neil Ó Buachalla agus Daniel Ó Buachalla cosaint fíor-chróga. Bhí Brian Ó hÉalaithe, Séamas Ó Slataire agus Ben Ó Liatháin, a chur leis an scór le pointe, ag obair gan stad ná staonadh i lár na páirce. Bhí Éamonn Ó Meachair, Cormac MacCárthaigh agu Donncha Ó Donnchú ag cothú gach saghas deacracht do chosantóirí Lios gCúl agus ar deireadh an nóinín i measc na neantóg, Donna Nic Chárthaigh a bhí ag crúcáil go néata a d’fhag cosaint Lios gCúl i bponc. Míle buíochas leis na himreoirí go léir, na tuismitheoirí a dhein an turas agus ár n-urraithe Astra Systems. Míle buíochas leis do Chumann Lios gCúl don chluiche fíor-spóirtiúil.

Cluichí le Teacht

Dé Luain 25ú Aibreáin 2016 Fé 12 C Sraith Iomána Laochra Óg in aghaidh Áth Fhada sa bhaile ag 7.15i.n.

Déardaoin 28ú Aibreáin Fé 18 C Sraith Iomána Laochra Óg in aghaidh na Seamróga i gColáiste Ghobnatan Baile Mhic Íre ag 7.15i.n.