18/5/2015 – Dialann Laochra Óg

Dé Luain 11ú Bealtaine Foireann iomána fé 16 – D’imríodar in aghaidh Baile Nóra i mBaile Nóra. Sár-thaispeántas ó gach duine. B’é an scór deiridh Baile Nóra 4-6 Laochra Óg 6-3. Míle buíochas leis na hurraithe Macroom Opticians (Radharceolaithe Mhaigh Chromtha), na tiománaithe agus an lucht tacaíochta. Bhí sé fíor-dheas teacht abhaile le bua. Dé Máirt 12ú Bealtaine D’imir an fhoireann Shóisear B in aghaidh Uibh Laoghaire as baile. Bhí Laochra Óg chun tosaigh le seacht bpointe sa chéad leath ach scaoileadar go leor isteach sa dara leath. Chríochnaigh an cluiche ar chomhscór. B’é an scór deiridh 1-13 an taobh. Míle buíochas le urraithe na fóirne Deasy’s Pharmacy (Siopa Poitigéara Uí Dhéisigh) agus an lucht tacaíochta a thaistil ar an lá. Dé hAoine 15ú Bealtaine D’imir an fhoireann fé 12 in aghaidh Cloch Dhubh i bPáirc Bhaile Mhaigh Chromtha, Bhain gach duine taitneamh as an gcluiche seo le lion mór scóranna. Míle buíochas le hurraithe na fóirne Astra Systems agus le gach duine a tháinig chun tacaíochta a thabhairt dos na himreoirí.