18-8-14 Dialann Laochra Óg

Laochra-Og-Crest

 

18-8-14 Dialann Laochra Óg

D’imir foireann iomána fé 14 in aghaidh Trácht Fionn Dé Luain seo chaite.  Bhí Laochra Óg thíos leis ó thaobh imreoirí ag dul isteach sa chluiche.  D’oibrigh na tacaithe tríd an chluiche go léir.  An-iarracht ag gach éinne ar an bhfoireann.  B’iad Trácht Fionn na buaiteoirí ar an lá.  Buíochas le gach éinne a thaistil agus a thug tacaíocht don bhfoireann. Míle buíochas le hurraithe na fóirne ‘Macroom Opticians’ (Siopa Radharceolaithe Mhaigh Chromtha).

——————————————————————————————–

Foireann fé 21 – Beidh cluiche craoibhe iomána fé 21 Laochra Óg in aghaidh Baile Nóra ar siúl Dé Luain 18ú Lúnasa i gCill Mhichíl ag a 7 i.n.

Foireann Sóisear “B” – Beidh cluiche craoibhe iomána Laochra Óg in aghaidh Baile Nóra ar siúl i gCloch Dhubh Dé Luain 25ú Lúnasa ag a 7i.n.

Féach ar na fógraí áitiúla agus Feidhmchlár ( Facebook) le haghaidh aon athruithe.

———————————————————————————————————

Beidh ‘Camp 4 Champs’ ar siúl ag Páirc Thraenála Laochra Óg i dTír Bheag ar an 19ú, 20ú agus 21ú Lúnasa.  Cinntigh le haghaidh tuilleadh sonraí ar an leathanach Feidhmchlár.

________________________________________________________________

 

Tráth na gCeist agus spraoi don chlann chun airgid a bhailiú do Chumann Iomána Laochra Óg sa ‘Bell Inn’ i gCluain Droichead Dé Domhnaigh 24ú Lúnasa idir 4 i.n. agus 7 i.n.  Beidh BBQ, Ceol, Spotduaiseanna agus Crannchur ar siúl ar an lá. Spraoi agus spóirt don chlann go léir.

_______________________________________________________________

 

Comhghairdeas agus ádh mór don todhchaí do gach éinne a bhfuair a dtorthaí Ardteiste i rith na seachtaine ó gach éinne ag Cumann Iomána Laochra Óg.