15/7/2014 Nótaí Laochra Óg
Bhronn ‘Macroom Opticians’ (Siopa Radharceolaithe Maigh Chromtha) geansaithe ar fhoireann fé 14 cumann iomána Laochra Óg i Maigh Chromtha le déanaí. Buíochas le na himreoirí, na traenálaithe agus na tuismitheoirí a thug a gcuid ama chun tacaíocht a thabhair don ócáid. Buíochas le Anna Roche a dhein an bronnadh thar ceann í féin agus a fear chéile John Roche. Táimid i Laochra Óg fíor-bhuíoch as ucht a dtacaíocht.
Chuaigh foireann Shóisear B Laochra Óg ar thuras go dtí Páirc CLG Aibhistín De Staic i dTrá Lí an tseachtain seo chaite i gcluiche dúshlánach in aghaidh a fhoireann idirmheánach.
B’iad cumann Aibhistín De Staic na buaiteoirí le cúpla cúilín.
D’imir foireann mhionúir Iomána Laochra Óg in aghaidh An Ghrianach i mBaile Nóra le déanaí agus b’iad An Ghrianach an fhoireann ba láidre ar an lá.