15/09/14 Dialann Laochra Óg
Dé Domhnaigh 7ú Mean Fomhair – Bhí cluiche craoibhe iomána fé 21 ar siúl idir Laochra Óg agus Baile Nóra i bPáirc Chumann Lúthchleas Gael MhaghChromtha. Bhí an dá fhoireann cóngarach sa chéad leath le Laochra Óg chun tosaigh le pointe ag leath am. Chloígh Baile Nóra Laochra Óg sa dara leath, áfach, agus b’iad an fhoireann ba láidre ag deireadh an chluiche.
Dé Sathairn 13ú Mean Fomhair – Bhí cluiche sraithe iomána Shóisear B ar siúl idir Laochra Óg agus Baile an Chollaigh. Bhí roinnt imreoirí tabhachtacha in easnamh ar Laochra Óg ar an lá agus theip orthu a gcéile chomhraic a chloí agus b’iad Baile an Chollaigh na buaiteoirí ar an lá.
D’imir na hiománaithe fé 11 in aghaidh Cionn tSáile i bPáirc Bhaile MhaghChromtha. Bhí sár-chluiche ag Laochra Óg. Bhí smacht acu ón tús agus níor fhéachadar siar ó sin. Bhuaigh Laochra Óg le deich bpointe. Buíochas mór le Cionn tSáile as taisteal chugainn agus do na tuismitheoirí a thug tacaíocht don fhoireann.
Míle buíochas le hurraithe na fóirne – Siopa Poitigéara Ó Déisigh (Deasy’s Pharmacy) agus ‘Astra Systems’.
———————————————————————-
Beidh leath-chraobh de chraobh iomána Shóisear B ar siúl in aghaidh na Blarnan Dé Domhnaigh 21ú Mean Fomhair in Áth an Chóiste ag 11.30r.n. Cinntigh ar Straoisleabhar le haghaidh athraithe.