11/8/2014 Dialann Iomána Laochra Óg
2ú Lúnasa 2014- Ghlac fóirne Shóisear “B” / Fé 21 páirt i gComórtas Cuimhneacháin Trevor Barrett i bPáirc Aibistín De Staic i dTrá Lí. Maith sibh, gach duine a ghlac páirt.
Lá iontach taitneamhach ag cách.
Sóisear “B” – Beidh a gcéad chluiche eile acu Dé Luain 11ú in aghaidh Cumann Naomh Fhionnbarra.
Ag bualadh le chéile i gCluain Droichead ag a 6.00 i.n.
29ú Iúil 2014- D’imir foireann iomána fé 14 Laochra Óg in aghaidh Béal Átha an Chasaigh. Bhí an-chluiche ag na himreoirí go léir go háirithe i dtreo an deiridh le roinnt pointí seoighe scóráilte. Comhscór ab ea an toradh deiridh.
7ú Lúnasa 2014 – D’imir foireann fé 14 cluiche dúshlánach in aghaidh Cill Mhichíl agus b’iad Cill Mhíchíl an fhoireann bhuacach ar an lá.
Foireann fé 14 – beidh a gcéad chluiche eile acu Dé Luain 11ú in aghaidh Mainistir Bán.
Beidh ‘CAMP 4 CHAMPS’ ar siúl i bpáirc traenála Laochra Óg i dTír Bheag ar an 19ú, 20ú agus 21ú Lúnasa. Beidh clárú ar lá a haon. Tosnaíonn an campa ar 10.30r.n. agus críochnaíonn sé ar a 2i.n. Caithfidh gach imreoir a bheith mar bhall cláraithe.